Innealtóireacht JC Teoranta

Is príomhchomhlacht déantúsaíochta cruach é Innealtóireacht JC Teoranta atá suite in  Iarthuaisceart na hÉireann agus tá clú bainte amach aige ar fud na tíre agus sa Ríocht Aontaithe araon.

Thosaigh Innealtóireacht JC  Teoranta ag trádáil sa bhliain 1997 ó cheardlann bheag ar an  Chlochán i nGleann Fhinne. Táimid suite ar imeall na Gaeltachta Láir, go díreach 10 mbomaite taobh amuigh de Bhealach Féich ar bhealach na nGleanntach.

Faoin bhliain 2000, bhog Innealróireacht JC isteach i gceardlann níos mó agus tá sé ag feidhmiú as ó sin i leith. Tá an gnó ag forbairt i gcónaí, ag fáil innealra úrnua agus ag cur réimse seirbhísí breise ar fáil.

Dearann, déanann agus cuireann Innealtóireacht JC táirgí saincheaptha in oiriúint do na hearnálacha tionsclaíochta/tráchtála, talmhaíochta agus miondíola. Táimid dírithe ar eilimintí a athdhearadh ar mhaithe le háit níos fearr a bheith aige sa mhargadh agus ar ár ndícheall do thuilleadh fáis.

Sa bhliain 2014, bhí Innealtóireacht JC ar cheann de na chéad chomhlachtaí i ndéanamh miotail le bheith ainmnithe ag An Chomhphobal Eorpach d’Obair Chruach Struchtúrach i nDún na nGall. Tá Marcáil CE anois ina riachtanas dlíthiúil d’iomlán táirgí de Chruach Struchtúrach agus oibríonn muid go dícheallach chun a chinntiú go gcoinníonn muid an creidiúnú sin. Lena chois sin, táimid inár mball den Chuallacht Náisiúnta de Mháistircheardaithe.

Tá infheistíocht déanta ag an Stiúrthóir Bainistíochta, James Coyle, i dtodhchaí Innealtóireacht JC agus bhunaigh sé comhlacht comhlachaithe, Bluestack Street Products, ardán ar-líne gur féidir leis réimse earraí a chur ar fáil, ag tabhairt seirbhíse do thionscail phríobháideacha, tráchtála, cógaisíochta agus déantúsaíocta bia.

Tá méid an chomhlachta fíorthábhachtach dá rathúlacht, a deir an tUasal Coyle. “Táimid beag go leor le freagra a thabhairt ar riachtanais an chustaiméara aonair go gasta ach mór go leor le leibhéal ard déantúsaíochta a chur ar fáil taobh istigh d’am gairid,” a dúirt sé. Is é an cineál seo solúbthachta is cúis lena rath. Déanann Innealtóireacht JC, maraon lena lucht saothair sároilte, a ndícheall i gcónaí cloí le sprioc-am a gcustaiméirí, rud a thugann cáil fíormhaith dóibh.

Cáil

Ag fostú thart fá 20 ball foirne, go mórmhór ón cheantar áitiúil, d’oibrigh Innealtóireacht JC go crua chun cáil a shaothrú, cáil atá bunaithe ar á n-ábaltacht táirgí saincheaptha d’ardchaighdeán a sholáthar dá gcustaiméirí i gcónaí.

Cuireann an comhlacht ar fáil traenáil leanúnach dá fhostaithe agus tá an comhlacht rannpháirteach leis na cláracha printíseachta ar mhaithe le éilithe tionscail a shásamh.

Le foireann dhíograiseach dhílis agus ceardlann nua-aimseartha atá feistithe go hiomlán, tig le Innealtóireacht JC beocht a chur in aon smaoineadh, ag cruthú obair mhiotail sancheaptha as beagnach aon dearadh nó ábhar.

Ábhair

Is féidir linn táirgí a chur ar fáil sna hábhair seo leanas: Cruach Bhog, Cruach Dhosmálta agus  Alúanam (iad go léir i ngráid éagsúla) agus sna bailchríocha seo leanas: Galbhánaithe, Péinteáilte agus Bratú Púdair.

Do mhórán tograí, foinsítear táirgí d’ardchaighdeán ó Sholáthraithe Éireannach macasamhail Tegral, Duggan Steel, Rilco agus Kingspan.

 Innealra/Teicneolaíocht

Rinne Innealtóireacht JC infheistíocht i réimse leitheadach innealra sa cheardlann a dtig leo na seirbhísí seo a leanas a sholáthar:

  • Bogearraí ríomhaireachta ina mbeidh samhaltú 3D óna dtig leis na custaiméirí na táirgí a fheiceáil sula ndéantar iad.

 

  • Fáisceán & Gilitín – Ag gearradh agus ag filleadh miotal leatháin go sonraíocht an chustaiméara le haghaidh réimse de chuspóirí difriúla.

 

  • Lúbaire Píopa & Rollóirí – ag cruthadh agus ag déanamh réimse leitheadach píopaí i gcineálacha éagsúla próifíle de Chruach Bhog agus Cruach Dhosmálta.

 

  • Plasma – ag dó cruthanna éagsúla as miotal leatháin.

 

  • Seirbhís táthúcháin do dhéantúis de Chruach Bhog agus Cruach Dhosmálta do gach sórt riachtanas a bheadh ag custaiméir.

 

Bí Ullamh

Thug an tUasal Coyle comhairle mhaith do dhuine ar bith a bheadh ag cur tús le gnó:

“Bí réidh le hoibriú go crua. Insítear duit gurb é an chéad bhliain an ceann is deacra, bhféidir é ach tá dúshláin gach uile bhliain a chaithfear a shárú. Bí feasach ar do chuid uimhreacha! Bí chomh feasach agus is féidir fá costais fíor le gnó a bhunú. Tiocfaidh an chomhairle is fearr faoi seo ó dhuine éigin a chuaigh an bealach céanna a bhfuil tusa ag cur tús leis”.

Tá an ceardlann beag innealtóireachta anois ina chomhlacht ildisciplíneach atá ag méadú. De réir mar atá an comhlacht ag fás, tá a aird dírithe ar nuálaíocht, ar tháirgiúlacht agus ar fhorbairt seirbhísí ar-líne chun an comhlacht a choinneáil iomaíoch. Tá táirgí Innealtóireacht JC agus Bluestack Street ag díriú ar threisiú an fás sin chun a bheith níos gníomhaí sa Tionscail Innealtóireachta.

JC Engineering – Innealtóireacht JC Teoranta, Oibreacha Cruach Struchtúrach

Cill Riain, An Clochán, Béalach Féich, Leifir, Co. Dhún na nGall.

Fón: 00353 74 9133225 Fax: 00353 74 9133868

R-phost: sales@jce.ie

Cuireann Innealtóireacht JC ar fáil foirgnimh d’obair chruach struchtúracha d’fhoirgnimh phríobháideacha, tráchtála agus poiblí. Le fócas ar obair den scoth seachadtha in am, acmhainní líníocht 2-D agus 3-D agus ceardlann lánfheistithe, tá Innealtóireacht JC suite go maith chun réitigh d’obair chruach struchtúrach a sholáthar dá chliaint.
 
Tá siad seo a leanas áirithe sna hoibreacha:

  • Soláthar amháin nó soláthar agus ag cur suas an struchtúr cruach agus frámaí d’otharlanna, scoileanna, ionaid spóirt, monarchana, trádstórais, &rl .
  • Téastair
  • Balastráidí
  • Balcóiní
  • Geaftaí slándála
  • Bealaí siúil
  • Staighrí éalaithe
  • Ag feistiú cineálacha éagsúla cumhdach m.sh. KS1000RW
  • Soláthar & feistiú cineálacha éagsúla taobhán cruach m.sh. iltonntaí.

Tá seirbhísí ar fáil do gach togra a théitear ina bhun:

  • Suirbhé ar shuíomhanna
  • Líníochtaí Déantúsaíochta 2-D & 3-D
  • Ceardlann lánfheistithe déantúsaíochta
  • Péinteáil / Galbhánú Teothumtha
  • Iompar / Seirbhís Sheachadta
  • Feistiú Súimh

Déanann Bluestack Street Products iad seo a leanasL: Mullaird Chruach Dosmálta, Seastáin Rothair,  Bánna Tralaíaithe, Ráillí Uchtóg, Foscadaín agus Ceannbhrait Bus le bheith in oiriúint do riachtanais an chliant. Tig linn táirgí saincheaptha a chur ar fáil chomh maith.
 
Tagann ár gcuid mullard i réimse méid, déanta as cruach dhosmálta. Tig linn iomlán na táirgí thuasluaite a sholáthair agus iad a chur chugat nuair is gá.
 
Is féidir leat cuid dár gcuid táirgí a fheiceáil thíos nó ríomhphost a chur chuig sales@bluestack.ie faoi choinne meastachán nó tuilleadh eolais a fháil.

Is déantóirí Innealtóireacht JC d’fhoirgnimh talmhaíochta agus seideanna feirme gur féidir a chur ar fáil i dtrealaimh soláthair amháin nó iad a thógáil. Amharc fríd ár ngailearaí oibre agus breis pictiúir ar JC Engineering Agricultural Buildings Gallery, agus Contact Us, Innealtóireacht JC, Clochán, Contae Dhún na nGall, faoi choinne do chuid riachtanas tógála d’fhoirgnimh talmhaíochta.

Tá siad seo a leanas i measc na n-oibreacha:

  • Soláthar amháin nó soláthar agus feistiú d’fhoignimh le fráma cruach – críochnaithe le cumhdach, fleascadh, bíomaí & doirse. Le críochnú deontais & neamhdheontais.
  • Geaftaí
  • Bacainn Cothaithe
  • Rannadóirí Cróite
  • Tacaíochtaí d’umair uisce
  • Earraí saincheaptha bainteach le riachtanais an chustaiméara
  • Cuadrampaí
  • Doirse
  • Doirse sleamhnáin
  • Cosán / Brac do dhoras sleamhnáin
  • Cumhdach & Leathán
    • Próifíl bosca
    • Rocach
    • Soilse dín

Chomh maith le sin, tig le Innealtóireacht JC gach cineál d’earraí miotaltóireacht ailteoireachta saincheaptha a sholáthar le bheith in oiriúint do riachtanais an chliaint, ag úsáid ábhair mar cruach dhosmálta, cruach bhog agus ag cuimsiú gloine agus adhmad chun cuma níos deise a chur ar an táirge críochnaithe.
Tá siad seo i measc na n-oibreacha:

  • Lámhráillí / Balastráidí
  • Staighrí
  • Balcóiní / Siúlbhealaí
  • Gnéithe dearthóireachta
  • Geaftaí & Ráillí

Ábhair agus bailchríocha:

  • Cruach dhosmálta 316 & 304
  • Cruach bhog prímeáilte / galbhánaithe / le bratú púdair
  • Inlíonadh gloine / adhmaid

Is táirge suntasach é an cuadrampa, úrnua lenár bportfóilió, a ligeann d’fheirmeoirí dul isteach agus amach as a gcuid talaimh gan iallach orthu a theacht anuas óna feithicil agus an geafta a oscailt go fisiciúil – ag sábháil ama agus iarrachta araon.

Chomh maith le sin, tá an rampa deartha sa dóigh nach féidir le beostoc éalú. Tig físean gairid a fheiceáil thíos, ag taispeáint chomh furasta is atá sé dul isteach sa pháirc agu na buntaistí soiléire atá leis.

Sonraíochtaí an Cuadrampa

  • Fráma iomlán galbhánaithe
  • Leithead: 1500 mm
  • Fad: 2400 mm
  • Tá spás ann do suas le 500 kg
  • Tá liosta iomlán Cuaid / ATVanna comhoiriúnach ar fáil.

Buntáistí

  • Tá an Cuadrampa ar leith do mhargadh na hEorpa siocair nach bhfuil an coincheap de thiomáint thar rampa díreach isteach i bpáirc coitianta ach amháin san Astráil san am i láthair.
  • Tá an Cuadrampa go hiomlán galbhánaithe, rud a chuireann dearbhú saoil ar fáil do gach cineál aimsire. Tá na hamhábhair a úsáidtear don chuadrampa forbraithe go cúramach lena chinntiú go dtig le gach ATV dul trasna an chuadrampa go sábháilte.
  • Éasca a shuiteáil
  • Tá an Cuadrampa déanta sa dóigh go bhfuil sé in ann meáchan gach ATV a sheasamh
  • Dearadh faoi phaitinn
  • Ligeann an Cuadrampa don fheirmeoir tiomáint díreach isteach sa pháirc gan iallach air a theacht anuas ón chuad chun geafta a oscailt gan an chastacht bhreise de stoc sa pháirc. Laghdaíonn seo an t-am a chaitheann feirmeoir ag gabháil ó pháirc go páirc le bia a thabhairt don stoc nó chun súil a choinneáil orthu.
  • Tá an t-am a shábháiltear measta ag 24 uair sa bhliain nuair nach bhfuil agat ach dhá rampa an feirm, ag gabháil isteach sna páirceanna sin dhá uair sa lá. Mar sin de, le ceithre rampa an feirm, sábhálfar 48 uair sa bhliain, ag fágáil níos mó ama do rudaí eile ina saol.
udaras-na-heireann-jc-engineering
gaeltacht na heireann jc engineering